Polaiteitreafluaireitiléin
Polaiméir phlaisteach theirmithéachtach le hairíonna tábhachtacha mionathraithe dromchla is ea polaiteitreafluaireitiléin (PTFE).[1] Comhéifeacht íseal frithchuimilte aici, agus mar sin luachmhar in imthacaí neamhbhealaithe, ar dhromchlaí scíonna, is chun dromchlaí neamhghreamaitheacha a dhéanamh ar ghréithre cócaireachta. Frithsheasmhach i gcoinne ceimiceán, inslitheoir maith, agus ábhar nach n-éiríonn bog go dtí teocht ard.[2]
Substaint cheimiceach | cineál polaiméire |
---|---|
Struchtúr ceimiceach | |
Airí | |
Dlús | 2,200 kg/m³ |
Pointe dianscaoilte | 415 °C |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
friotaíocht in aghaidh ceimiceán, hidreafóbacht agus friotachas |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““polaiteitreafluaireitiléin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Polaiteitreafluaireitiléin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |