Polamorfacht (bitheolaíocht)

Sa bhitheolaíocht, dhá cheann nó níos mó d'fhoirmeacha géiniteacha scoite orgánaigh a bheith i láthair sa daonra idirphóraithe céanna, nuair a bhíonn minicíocht na foirme is teirce níos mó ná mar a tharlódh trí shóchán amháin. Is féidir go mbeidh an pholamorfacht seasmhach is go leanfaidh ar feadh cuid mhaith glún, nó sealadach. Is sampla atá le feiceáil i ndaoine é dath na súl, ach tá cuid mhaith eile a bhíonn dofheicthe ar gá teicníochtaí ar leith, cosúil le hanailísí DNA, a úsáid len iad a bhrath.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Polamorfacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.