Sa mhatamaitic, analóg cheathairthoiseach an pholaihéadróin. Le gach pointe i spás déthoiseach, dís uimhreacha a chuirtear leis (x, y). I gcás pointe ar spás tríthoiseach, cuirtear trírín uimhreacha leis (x, y, z). Sa mhodh céanna, seans gur féidir pointe i spás n-thoiseach a lua le tacar uimhreacha (x1, x2, x3,... xn). I bpolatóip rialta bíonn polaihéadróin rialta thríthoiseacha mar aghaidheanna acu. Bíodh is gur cruthaíodh nach bhfuil ach 5 pholaihéadrán rialta sa spás tríthoiseach, cruthaíodh go bhfuil 6 pholatóp rialta i spás ceathairthoiseach is 3 pholatóp rialta i spás cúigthoiseach.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.