Samhlaítear é mar thollán idir am is spás ag ceangal codanna den Chruinne atá i bhfad ó chéile ar chuma eile. Tagann sé chun cinn i réitigh chothromóidí na coibhneasachta ginearálta de chuid Einstein. Ach níor cruthaíodh go bhfuil a leithéid ann le fírinne, agus mar sin is coincheap meabhraitheach é. Tagann sé isteach i scéalta ficsean eolaíochta mar mhodh amtaistil. Tagann cinn mhicreascópacha isteach i dteoiricí na mbuncháithníní is na himtharraingthe candamaí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Poll péiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 532.