Dreas ceoil a thionlacann damhsa ar leith. Bíonn aclaíocht achrannach coise, an cholainn dhocht is léimeanna bríomhara sa damhsa. Meastar go bhfuil an gigue Francach gaolmhar leis. In am 6/8 a bhíonn sé de ghnáth. Cuid mhaith díobh ar an taifead ón 16ú céad ar aghaidh. Saghas ar leith is ea an damhsa beag, in am 9/8.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Port". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 534.