Próiseáil chomhuaineach

Sa ríomhaireacht, nuair a bhíonn dhá phróiseálaí nó níos mó ag déanamh tascanna ríomhaíochta ag an am céanna, agus fo-thasc sannta do gach próiseálaí ag aon am ar leith. Is éagsúil seo ó ríomhaireacht le próiseálaí amháin, mar a ndéantar gach fo-thasc i ndiaidh a chéile in ord go mbíonn an tasc iomlán críochnaithe. Mar sin, bíonn ríomhchlárú éagsúil i gceist sa dá chás, ach ag brath ar an líon próiseálaithe, is féidir ríomhaireacht i bhfad níos tapa a bhaint amach le próiseáil chomhuaineach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseáil chomhuaineach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 538.