Próiseáil idirbheartaíochta

Próiseáil sonraí ar ríomhaire trí bhíthin teirminéil ina ndéantar an oibríocht mar shraith idirbheartaíochtaí. Maidir le gach idirbheartaíocht, cuireann an ríomhaire ceist tríd an teirminéal agus tugann úsáideoir an teirminéil freagra ar ais. Mar shampla, chun suíochán eitleáin a chur in áirithe, fiafraíonn an ríomhaire cén eitilt, ansin cén rang, ansin an gá béilí ar leith, agus mar sin de. Tugann úsáideoir an teirminéil freagra ar gach ceist de réir a chéile. Ag deireadh na gceisteanna, bíonn an suíochán le cur in áirithe sonraithe agus is féidir an ticéad a eisiúint.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseáil idirbheartaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 538.