Prionsabal a shaothraigh Einstein ón mbreathnú go raibh an luach céanna ag an mais tháimhiúil is an mhais imtharraingteach, gur coibhéiseach, go háitiúil, iarmhairtí na himtharraingthe is luasghéarú. Deir prionsabal láidir na coibhéise gurb ionann na dlíthe fisiciúla in aon fhráma támhúil tagartha áitiúil saorthitime is atá sa choibhneasacht speisialta. Is lárnach an prionsabal seo do theoiric na coibhneasachta ginearálta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Prionsabal na coibhéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 537.