Buarannach, ábhar a úsáidtear chun díothú dramhaíle as an gcolainn a spreagadh. Feidhmíonn sí tríd an stéig a ghriogadh chun tuilleadh gníomhaíochta matánaí, an toirt sa chonair bhia a mhéadú, nó an chonair a bhealú. Is féidir go gcuirfidh a leithéid isteach ar ghnáthfheidhmiú na stéige nó ionsú bianna riachtanacha, fiú go dtarraingeoidh sé scoilt na haipindice. Úsáidtear ola ricne is défheinilmheatán don ghnó seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Purgóid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.