Pósadh
Séard atá sa phósadh ná comhcheangal sóisialta nó conradh dlíthiúil idir dhaoine aonair a bhunaíonn gaol. Is aontas é atá glactha go sóisialta agus go dlíthiúil ag beirt a bheidh ina gcónaí lena chéile agus a fhanfaidh dílis dá chéile gan daoine eile a bheith páirteach.[2] Is conradh dlíthiúil é a aithníonn cearta agus freagrachtaí na lánúine, a mbaineann le céileachas, tógáil páiste agus dílseacht, do gach ball den phósadh.[3] Maireann an conradh san Iarthar go dtí go dtarlaíonn colscaradh nó bás an pháirtí.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is institiúid í ina n-aithnítear caidrimh idirphearsanta, go hiondúil atá dlúthaí agus collaí, i slite éagsúla ag brath ar an mbéascna nó an déimeagrafach. Tugtar bainis ar fhéasta an phósta.
In Éirinn
cuir in eagarAr an 23 Bealtaine 2015, ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne.[4]
Pósadh comhghnéis
cuir in eagarAr 1 Aibreán 2001, rinneadh pósadh idir beirt arb ionann gnéas dóibh dleathach san Ísiltír, an chéad tír ar domhan inar tharla sé sin.[5]
Nósanna
cuir in eagarCeann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain bhisigh ná go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear í a phósadh.[6] Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide.
- An Fáinne Cladaigh. Is seanbhunaithe an cleachtadh é stádas caidrimh duine a chur in iúl go soiléir os comhair an tsaoil.[7]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Inanna" (as en) (2022-04-30). Wikipedia.
- ↑ Christine Ní Chathasaigh / cogg.ie. "Pósadh". Dáta rochtana: 22-5-2022.[nasc briste go buan]
- ↑ quizlet.com. "Posadh". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2015). "An tAcht Pósta le teacht i bhfeidhm inniu ach ní féidir cóip den phíosa reachtaíochta a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-02.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Pósadh comhghnéis". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Is cuma cathain a stopfar an céilí, muide a dhéanfaidh breithiúnas ar na rinceoirí i mbliain bhisigh 2020" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-02-29.
- ↑ Órla Casserly (2024-04-11). "Fáinne an Chladaigh - an sonrúchán stádas caidrimh nua nó an bunsonrúchán stádas caidrimh?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-05-03.