Quimper
Is cathair agus chomh-phobal in iarthar na Briotáine í Kemper (Quimper as Fraincis, Corspotium as Laidin). Tá tuairim is 63,000 daoine ina gcónaí inti.
Quimper | |||||
---|---|---|---|---|---|
Kemper (br) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Defense and Security zone of France (en) | Western defense and security zone (en) | ||||
Réigiún na Fraince | an Bhriotáin | ||||
Département de chuid na Fraince | Penn-ar-Bed | ||||
Arrondissement of France (en) | Arrondissement Quimper | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 63,642 (2021) | ||||
• Dlús | 753.61 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | aire d'attraction de Quimper (fr) unité urbaine de Quimper (fr) | ||||
Achar dromchla | 84.45 km² | ||||
Airde | 6 m-−5 m-151 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Penhars, Kerfeunteun agus Ergué-Armel | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 29000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | quimper.bzh | ||||
Suíomh
cuir in eagarTá an chathair suite i ngleann ina dtagann béal abhann an Odet agus an Steir le chéile gar do chósta thiar-theas na Briotáine agus is príomhchathair Contae Penn-ar-Bed í. Tá sí 55km siar ó thuaidh ó An Orient, 172km siar ó Roazhon agus 485km siar ó dheas ó Pháras.
Tagann Kemper ón bhfocal Briotánach kembraeg (mar an gcéanna leis an bhfocal cumar as Gaeilge) ar ghabhal dhá ghleann.
Stair
cuir in eagarBhí baile ann in aimsir na Rómhánach agus ba shuíomh easpaig í sa bhliain 495. Glaotar Bro-Gerne (La Cornuaille as Fraincis) ar an réigiún mor-thimpeall Kemper mar gurb as Corn na Breataine muintir na háite a theith ó na Sacsanaigh i ndiaidh titim Impireacht na Róimhe sa 6ú haois.
Aontaíodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú haois ach scriosadh Kemper le linn cogaidh cathartha na Fraince san 14ú haois agus ghabh Diúc Montfort í sa bhliain 1364.
I ndiaidh éirí amach tuathaigh Bro-Gerne sa bhliain 1490, thosaigh Kemper, i dteannta leis an gcuid eile den Bhriotáin, ag teacht faoi thionchar na Fraince. Tar éis pósadh an Bhan-Diúca Claude le Rí na Fraince sa bhliain 1518, bhí bunús dlíthiúil ag éileamh Tí Valois ar an mBriotáin. Aithníodh go forleathan é nuair a tháinig Henri IV Navarre i réim le bunú Tí Bourbon sa bhliain 1584 agus nuair a ghéill rialtas sealadach na Briotáine Mercouer don rí sa bhliain 1598.
Bunaíodh tionscail potadóireachta Faïence Quimper sa bhliain 1690. Rugadh René Laënnec, aireagóir an steiteascóip in Kemper sa bhliain 1781.
Aistríodh ainm an bhaile go Montagne-sur-Odet ar feadh tamaill bhig i ndiaidh réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789.
Tháinig an iarnród chuig an gcathair ar a slí go dtí calafort Douarnenz sa bhliain 1863. aontaíodh na ceithre chomhphobail (Kemper, Ergué-Armel, Kerfeunteun agus Penhars) sa bhliain 1960 chun mórchathair Kemper a chruthú.
Year | Pop. | ±% |
---|---|---|
1793 | 8,400 | — |
1800 | 6,651 | −20.8% |
1806 | 6,905 | +3.8% |
1821 | 9,400 | +36.1% |
1831 | 9,860 | +4.9% |
1836 | 9,715 | −1.5% |
1841 | 10,154 | +4.5% |
1846 | 10,943 | +7.8% |
1851 | 10,904 | −0.4% |
1856 | 11,450 | +5.0% |
1861 | 11,438 | −0.1% |
1866 | 12,532 | +9.6% |
1872 | 13,159 | +5.0% |
1876 | 13,879 | +5.5% |
1881 | 15,228 | +9.7% |
1886 | 17,171 | +12.8% |
1891 | 17,406 | +1.4% |
1896 | 18,557 | +6.6% |
1901 | 19,441 | +4.8% |
1906 | 19,516 | +0.4% |
1911 | 19,367 | −0.8% |
1921 | 18,444 | −4.8% |
1926 | 18,686 | +1.3% |
1931 | 18,297 | −2.1% |
1936 | 18,814 | +2.8% |
1946 | 20,149 | +7.1% |
1954 | 19,352 | −4.0% |
1962 | 45,989 | +137.6% |
1968 | 52,496 | +14.1% |
1975 | 55,977 | +6.6% |
1982 | 56,907 | +1.7% |
1990 | 59,437 | +4.4% |
1999 | 63,274 | +6.5% |
2008 | 63,929 | +1.0% |
Radharcanna
cuir in eagarIs í Ardeaglais ar stíl Gotach Naomh Chorentin (a ainmníodh i gcuimhne an chéad easpag Kemper) an radharc is cáiliúla in Kemper. Tógadh í idir an 13ú agus an 16ú haois. Tá a dá thúr 80m ar airde agus tógadh stuanna ar an mbeirt díobh sa 19ú haois. Bunaíodh Séipéal Locmara ar stíl Rómhánúil sa 11ú haois.
Tá sean-fhallaí an bhaile fós le feiscint gar do Sean-Phálás an Easpaig.
Tá cuma ar leith ar shean-bhaile Kemper agus tá a lán tithe leath-adhmad le feiscint fós ann. Tá fócas na cathrach dírithe freisin ar na céanna ar bhruach an Odet.
Cultúr
cuir in eagarTá bailiúcháin mór d'earraí ó shean-saol na Briotáine le feiscint in Iarsmalann Réigiúnach na Briotáine (Musée Departmental Breton) atá suite i Sean-Phalás an Easpaig.
Tá Iarsmalann na hEalaíona (Musée des Beaux Arts) in aice le Pálás an Easpaig, foirgneamh ón 19ú haois ina bhfuil bailiúcháin pictiúirí ón 14ú haois i leith. Ina measc, tá pictiúirí Bhoucher, Chorot, Oudey agus Rubens chomh maith le saothair scoil Pont-Aven ar nós Denis, Lacombe, Moufra agus Sérusior.
Tá an Bhriotáinis agus cultúr na Briotáine níos láidre i mBro-Gerne ná in aon limistéar eile. Bíonn Féile Rince Bhro-Gerne ar siúl in Kemper le linn seachtain deireanach Iúil gach bliain.
Is féidir obair an photaire cáiliúla Jean-Baptiste Bousquet le feiscint in Iarsmalann Faïence.
Comhchathracha
cuir in eagarTá Kemper nasctha le Luimneach na hÉireann, Remscheid na Gearmáine, An Eaglais Bhreac na h-Alban agus Ourense na Spáinne.
1971 | Remscheid | An Ghearmáin |
1980 | Luimneach | Éire |
1990 | An Eaglais Bhreac | Alba |
2000 | Ourense, Ourense | An Spáinn |
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na Fraince é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |