Córais atá bunaithe ar ríomhairí ina gcruthaítear don úsáideoir samhlú tríthoiseach de réaltacht éigin agus, trí fheidhm a bhaint as uirlisí a bhraitheann gluaisne shúile, lámha is cholainn an úsáideora, a ligeann don úsáideoir idirghníomhú leis an réaltacht fhíorúil sin. De réir mar a ghluaiseann súile an úsáideora, mar shampla, athraíonn an samhlú a fheiceann sé. Mar sin, feiceann an t-úsáideoir samhlú tríthoiseach atá ag gluaiseacht an t-am ar fad, de réir mar a ghluaiseann sé féin a shúile nó a lámha.

Duine ag baint úsáid as teicneolaíocht réaltacht fhíorúil

Tá sé i gceist córais mar seo a shaothrú is a úsáid chun róbait a threorú i bhfad amach ón úsáideoir, chun obair a dhéanamh in áit dho-shroichte nó bhaolach. Úsáidtear iad go han-mhinic anois le daoine a thraenáil chun obair chasta chostasach a dhéanamh, mar obráidí, tiomáint eitleáin, stiúradh monarchana, dearadh gluaisteán is eile. Úsáidtear i gcluichí ríomhaire í freisin.

Tá margadh AR / VR margaidh billiún dollar cheana féin agus táthar ag súil go leanfaidh sé ag fás go maith thar margadh $ 120 billiún laistigh de chúpla bliain.[1][2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réaltacht fhíorúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 552.
  2. Toptal - Réaltacht Fhíorúil sa Tionscal Feithicleach