Ríomhaire a ghlacann isteach mar ionchur athróga leanúnacha leictreacha nó meicniúla (mar shampla, voltas, sruth, rothlú nó ráta rothlaithe seafta) agus a fhreagraíonn láithreach chun comharthaí cuí aschuir a ríomh. Déanann sé an phróiseáil de ghnáth le ciorcaid leictreacha le haimplitheoirí oibríocha, nó eagair chasta mheicniúla giaranna, fiacla is eile. Is córais fíor-ama ríomhairí analógacha de réir dúchais, agus bíodh is go bhfuil cuid mhaith de na tascanna a bhíodh acu á ndéanamh anois ag ríomhairí digiteacha, bíonn úsáidí cuí speisialta acu i gcórais rialaithe fós.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ríomhaire analógach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 561.