Rúin na bPortach
Sraith faisnéise Éireannach
Is sraith teilifíse Ghaeilge ar TG4 é Rúin na bPortach ina dtugtar léargas ar leith ar phortaigh agus ar thailte portaigh na hÉireann agus an domhain. Craoladh é den chéad uair sa bhliain 2023. Comhléiriú de chuid TG4, BBC Alba agus CBC Cheanada is ea é. Tugann an láithreoir Cormac Ó hAdhmaill an lucht féachana ar aistear trí thailte portaigh bóireacha Cheanada go machairí móna fairsinge na Fionlainne agus portaigh áille na hÉireann. Casann sé le daoine atá ag iarraidh leigheas a bhaint as plandaí portaigh dúchais, mar aon le daoine a thugann aire do charria rua na hAlban ar shléibhte móna Inse Ghall. Fiosraítear freisin an bealach a bhfuil na hathruithe ar thionscal na móna ag dul i bhfeidhm ar an saol mór.
Seánra | saothar faisnéiseach |
---|---|
Tír | Éire |
Bunteanga | an Ghaeilge |
Bealach teilifíse | TG4 |
An chéad eipeasóid | 15 Samhain 2023 |
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarIs síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |