Rún Cheanannais Mhóir
Is scannán fantaisíochta beochana Francach-Bheilgeach-Éireannach é Rún Cheanannais Mhóir[1] (Béarla: The Secret of Kells, Fraincis: Brendan et le Secret de Kells) arna bheochan ag Cartoon Saloon[2]. Cuireadh os comhair pobail féachana den chéad uair é ar 8 Feabhra 2009 ag 59ú Féile Idirnáisiúnta Bheirlín. Eisíodh sa Bheilg agus sa Fhrainc é ar an 11ú Feabhra, agus i bPoblacht na hÉireann ar an 3ú Márta.
Rún Cheanannais Mhóir | |
---|---|
Scannán | |
Bunteideal | The Secret of Kells |
Bliain | 2009 |
Seánra | scannán fantaisíochta scannán do pháistí scannán meánaoiseach |
Tír | An Fhrainc An Bheilg Éire |
Bunteanga | an Béarla An Ghaeilge |
Fad | 75 nóiméid |
Dath | daite |
Stiúrthóir agus Script | |
Stiúrthóir(í) | Tomm Moore Nora Twomey |
Scríbhneoir(í) | Fabrice Ziolkowski (en) ![]() Tomm Moore |
Aisteoirí | |
Micheál Ó Maolallaí Evan McGuire Nora Twomey | |
Táirgeadh | |
Léiríodh ag | Paul Young Didier Brunner Viviane Vanfleteren |
Comhlacht léiriúcháin | Celluloid Dreams Canal+ (en) ![]() Cartoon Saloon |
Foireann eile | |
Cumadóir(í) ceoil | Bruno Coulais (en) ![]() Kíla |
Gradaim | |
Ainmniúcháin
| |
Nascanna seachtracha | |
gkids.com… | |
Suíomhanna scannáin
|
Tomm Moore agus Nora Twomey a stiúir an scannán, agus Paul Young, Didier Brunner agus Vivian Van Fleteren a léirigh é. Fabrice Ziolkowski a scríobh. Dháil Gébéka Films, Kinepolis Film Distribution, StudioCanal agus Buena Vista é. Chuir Fabienne Alvarez-Giro an scannán in eagar agus chum Bruno Coulais agus Kíla an ceol dó. Tá Evan McGuire, Brendan Gleeson, Christen Mooney, Mick Lally, Michael McGrath, Liam Hourican, Paul Tylak agus Paul Young sna príomhrólanna. Ainmníodh an scannán do Dhuais an Acadaimh le hAghaidh Scannáin Bheochana.[3][4]
PlotaCuir in Eagar
Tá Breandán, buachaill óg fiosrach idéalach, ag maireachtáil faoi dhlúthchúram a uncail, an tAb Cellach, sa phobal beag i Mainistir Cheanannais. Bíonn Cellach ag síorsmaoineamh ar bhalla a thógáil timpeall na mainistreach chun ionsaithe Lochlannacha a chosc.
AisteoiríCuir in Eagar
- Evan McGuire mar Breandán
- Brendan Gleeson mar an tAb Cellach
- Christen Mooney mar Aisling
- Micheál Ó Maolallaí mar an Bráthair Aodhán
- Michael McGrath mar Adult Brendan
- Liam Hourican mar na Bráithre Tang agus Leonardo
- Paul Tylak mar an Bráthair Assoua.
- Paul Young mar an Bráthair Square.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Cartoon Saloon. "Run Cheannannais Mhoir (The Secret of Kells)". Cartoon Saloon. Dáta rochtana: 2018-07-18.
- ↑ "A visual feast – just add Celt".
- ↑ "Outside the Abbey's Fortified Walls, a World of Fairy Girls and Beasts".
- ↑ "An Indie Takes on Animation's Big Boys".