Micheál Ó Maolallaí

aisteoir Éireannach
(Athsheolta ó Mick Lally)

Aisteoir Éireannach a bhí i Micheál Ó Maolallaí[1] (Béarla: Michael "Mick" Lally) a rugadh i Mí na Samhna 1945, agus a d'éag 31 Lúnasa 2010.[2][3]

Infotaula de personaMicheál Ó Maolallaí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Samhain 1945
Tuar Mhic Éadaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Lúnasa 2010
64 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisEimfiséime scamhóige
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire, Gaillimh
Ollscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1974 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

IMDB: nm0482473 Allocine: 25040 Allmovie: p126626 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh é i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Mhuire, i Gaillimh. Chuaigh sé leis an múinteoireacht ar dtús ach d'éirigh sé as a phost chun bheith ina aisteoir.

Réaltaigh sé sa dráma Translations le Brian Friel sa bhliain 1980 i gContae Dhoire nuair a bhí sé ina bhall den Chomhlacht Drámaíochta Field Day, bunaithe ag Brian Friel agus Stephen Rae. Bhí baint aige leis an "Druid Theatre Company" freisin.

Fuair sé ról Miley Byrne sa sobal-dráma Glenroe, ag leanúint ar aghaidh leis an gcarachtar a bhí aige i Bracken ar RTÉ sa bhliain 1978. D'éirigh go maith lena amhrán The By-Road to Glenroe sa bhliain 1990. Bhí obair déanta aige ar theilifís Éireannach agus scannáin freisin.

Fuair sé bás ar an 31 Lúnasa 2010.[3]

Saothair aisteoireachta

cuir in eagar
  1. "Mick Lally". IMDb. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  2. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “LALLY, Mick (1945–2010) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  3. 3.0 3.1 "Actor Mick Lally dies aged 64" (en). RTE.ie (2010-08-31). Dáta rochtana: 2018-07-18.