Micheál Ó Maolallaí

aisteoir Éireannach

Aisteoir Éireannach a bhí i Micheál Ó Maolallaí[1] (Béarla: Michael "Mick" Lally) a rugadh i Mí na Samhna 1945, agus a d'éag 31 Lúnasa 2010.[2]

Micheál Ó Maolallaí
Mick lally.jpg
Saol
Eolas breitheTuar Mhic Éadaigh, 10 Samhain 1945
NáisiúntachtÉire
BásBaile Átha Cliath, 31 Lúnasa 2010
Cúis bháis (eimfiséime scamhóige)
Oideachas
Alma materColáiste Mhuire, Gaillimh
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Teangachaan Ghaeilge
an Béarla
Gairm
Gairmmúinteoir, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin agus aisteoir teilifíse
IMDbnm0482473

Rugadh é i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo agus fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Naomh Mhuire, i Gaillimh. Chuaigh sé leis an múinteoireacht ar dtús ach d'éirigh sé as a phost chun bheith ina aisteoir.

Réaltaigh sé sa dráma Translations le Brian Friel sa bhliain 1980 i gContae Dhoire nuair a bhí sé ina bhall den Chomhlacht Drámaíochta Field Day, bunaithe ag Brian Friel agus Stephen Rae. Bhí baint aige leis an "Druid Theatre Company" freisin.

Fuair sé ról Miley Byrne sa sobal-dráma Glenroe, ag leanúint ar aghaidh leis an gcarachtar a bhí aige i Bracken ar RTÉ sa bhliain 1978. D'éirigh go maith lena amhrán The By-Road to Glenroe sa bhliain 1990. Bhí obair déanta aige ar theilifís Éireannach agus scannáin freisin.

Fuair sé bás ar an 31 Lúnasa 2010.[2]

Saothair aisteoireachtaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Mick Lally". IMDb. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  2. 2.0 2.1 "Actor Mick Lally dies aged 64" (en). RTE.ie (2010-08-31). Dáta rochtana: 2018-07-18.