Rúnscríobh
Bealach chun teachtaireacht a scríobh go rúnda, nó teachtaireacht a scríobhtar mar sin, chun nach féidir le daoine nach bhfuil an eochair acu í a dhéanamh amach. De ghnáth cuirtear litreacha eile in ionad na litreacha sa teachtaireacht (ionadú), nó déantar atheagrú orthu (malartú) de réir scéime athraithí. Is gá an eochair chun an teachtaireacht a léamh is a thuiscint.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rúnscríobh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 570.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |