Rob Kearney

imreoir rugbaí Éireannach

Is imreoir rugbaí é Rob Kearney (Rugadh 26 Márta, 1986). As Contae Lú dó. Faoi láthair imríonn sé mar lánchúlaí agus mar thrícheathrúnach cliatháin le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Cúige Laighean agus foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann.

Rob Kearney 2015 RWC.jpg

Agus é óg, d'imir sé le Coláiste Clongowes Wood. Ba pheileadóir maith é Kearney freisin agus d'imir sé le foireann mionúr Lú.

Agus é ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhuaigh sé Corn Mhic Ghorthraigh le foireann faoi 20 an choláiste.

D'imir Kearney le foirne faoi aois an chúige sular imir sé leis an bhfoireann sinsir sa bhliain 2005. D'aimsigh sé trí úd ina chéad chluiche leo, in aghaidh Pharma as an Iodáil.

D'imir Kearney le foirne faoi aois agus A na hÉireann sular imir se leis an bhfoireann sinsir. Fuair sé dhá úd i gComórtas na Sé Náisiún sa bhliain 2008.

TagairtíCuir in Eagar