Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood

Dlíodóir agus polaiteoir Sasanach ab ea Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood (14 Meán Fómhair 186424 Samhain 1958).[1] Bronnadh Duais Nobel na Síochána air sa bhliain 1937,[2] mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun Conradh na Náisiún a chur ar bun.[3]

Robert Cecil, An Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood
Bundesarchiv Bild 102-12282, Robert Cecil.jpg
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe


Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 12, 1906 - Eanáir 10, 1910
District: Marylebone East (en) Aistrigh
Election: 1906 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 23, 1911 - Samhain 25, 1918
District: Hitchin (en) Aistrigh
Election: UK Parliamentary by-election (en) Aistrigh
Fo-Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha

Bealtaine 30, 1915 - Eanáir 10, 1919
Neil Primrose (en) Aistrigh - Cecil Harmsworth
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
District: Hitchin (en) Aistrigh
Election: 1918 United Kingdom general election (en) Aistrigh
ball den 32ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Samhain 15, 1922 - Samhain 16, 1923
District: Hitchin (en) Aistrigh
Election: 1922 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Lord Privy Seal (en) Aistrigh

Bealtaine 25, 1923 - Eanáir 22, 1924
Austen Chamberlain (en) Aistrigh - John Robert Clynes (en) Aistrigh
Lord Privy Seal (en) Aistrigh

Bealtaine 28, 1923 - Eanáir 22, 1924
Austen Chamberlain (en) Aistrigh - John Robert Clynes (en) Aistrigh
Ball de Theach na dTiarnaí

Nollaig 24, 1923 - Samhain 24, 1958
Seansailéir Diúcacht Lancaster

Samhain 10, 1924 - Deireadh Fómhair 19, 1927
Josiah Wedgwood - Ronald McNeill, 1st Baron Cushendun (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán Robert Gascoyne Viscount Cecil
Eolas breithe Cavendish Square (en) Aistrigh, Meán Fómhair 14, 1864
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchais Béarla na Breataine
Bás Royal Tunbridge Wells, Samhain 24, 1958
Muintir
Athair Robert Gascoyne-Cecil, 3rd Marquess of Salisbury
Máthair Georgina Gascoyne-Cecil, Marchioness of Salisbury
Céile/Céilí Lady Eleanor Lambton (en) Aistrigh  (Eanáir 22, 1889 -
Siblíní
Oideachas
Alma mater University College, Oxford (en) Aistrigh
Eton College (en) Aistrigh
Teangacha Esperanto
An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, Easparantóir, dlíodóir agus taidhleoir
Áit oibre Londain
Fostóirí Náisiúin Aontaithe
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Army Reserve (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta An Páirtí Coimeádach

SaolCuir in Eagar

 
roimh 1922

Rinne Cecil staidéar ar an dlí in Ollscoil Áth na nDamh (áit a raibh sé ina bhall den Choláiste Ollscoile, Áth na nDamh).[4] Glaodh chun Bharra Shasana agus na Breataine Bige air sa bhliain 1887 sa Teampall Laistigh.

 
le Sir William Orpen, anois sa National Portrait Gallery,

Bhí sé ag abhcóideacht ó 1887 go 1906 (i réimsí na Seansaireachta agus an dlí pharlaiminteach den chuid is mó). Glaodh chun an Bharra Lasitigh air sa bhliain 1899. Sa bhliain 1910 a rinne binseoir de chuid an Teampaill Laistigh agus ball de Chomhairle Ginearálta an Bharra de.

 
Sgicphicitiúir, 1920; Robert Cecil. "I trust that after all we may secure at least your qualified support for our League of Nations?" U.S.A. President-elect: "Why, what's the matter with ours?"

Bhí Cecil ina Fheisire de chuid na dTóraithe é, ó 1906 go 1910 agus ó 1911 go 1923. Ardaíodh chuig Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1923 mar Chéad Bhíocunta Cecil de Chelwood. Bhí Cecil ina Fho-Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha, ó 1915 go 1919, ina Thiarna Séala Stáit, 1923 go 1924 agus ina Sheansailéir ar Dhiúcacht Lancaster, ó 1924 go 1927.

Conradh na NáisiúnCuir in Eagar

An méid a rinne Cecil chun Conradh na Náisiún a chruthú agus a chothú an rud ba thábhachtaí a cuireadh síos dó, ó thaobh a shaoil sa pholaitíocht de. Ní raibh sé ar aon fhocal uaireanta le Tóraithe eile mar gheall ar sin.

Chuir sé roinnt de na chéad tograí le chéile maidir lena leithéid d'eagraíocht, le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí páirt thábhachtach aige san idirbheartaíocht ina thaobh i gComhdháil Síochána Pháras. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas Chonradh na Náisiún ó 1923 go 1945.

Sa bhliain 1937 bronnadh Duais Nobel na Síochána air, mar aitheantas ar an obair a rinne sé chun an Conradh a chur ar bun agus choinneáil ar siúl. Fuair sé an Duais nuair a bhí cúrsaí ar fad ina phraiseach agus an cogadh timpeall an chúinne

Cháin sé polasaí géilleadh chun síthe (sa chaoi a ndearna Chamberlain é) agus Comhaontú München go háirithe. Mhair sé go bhfaca sé na Náisiúin Aontaithe ag teacht in ionad an Chonartha agus bhí sé ina Uachtarán saoil oinigh ar Chomhlachas na Náisiún Aontaithe sa Ríocht Aontaithe.

BásCuir in Eagar

Bhain Cecil aois mhór amach. D'éag 24 Samhain 1958 (in aois 94 dó).

TagairtíCuir in Eagar

  1. Emory Christer (2015). "Robert Cecil". Dáta rochtana: 2020.
  2. "The Nobel Peace Prize 1937" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  3. Scoil Dlí, COBÁC. "Lord Cecil" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-14.
  4. "Cecil of Chelwood, 1st Viscount, (Edgar Algernon Robert Cecil) (14 Sept. 1864–24 Nov. 1958)" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press.