Robert Millikan
fisiceoir Meiriceánach
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Stíl, srl
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Ba é Robert Millikan, fisiceoir Meiriceánach (22 Márta 1868 – 19 Nollaig 1953), an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas.[1] D'úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.