Robert Wilhelm Bunsen

ceimiceoir Gearmánach

Ceimiceoir Gearmanach ab ea Robert Wilhelm Bunsen (30 Márta 1811 - 16 Lúnasa 1899.

Robert Wilhelm Bunsen
Robert Wilhelm Bunsen (HeidICON 53016) (cropped).jpg
Saol
Eolas breithe Göttingen, Márta 31, 1811
Náisiúntacht An Ghearmáin
Áit chónaithe An Ghearmáin
Bás Heidelberg, Lúnasa 16, 1899
Áit adhlactha Bergfriedhof (en) Aistrigh
Muintir
Siblíní
Oideachas
Alma mater Ollscoil Göttingen
(1828 - : ceimic
Leibhéal oideachais céim dochtúireachta
Stiúrthóir tráchtais Friedrich Stromeyer (en) Aistrigh
Mic léinn dochtúireachta Viktor Meyer (en) Aistrigh
Adolph Wilhelm Hermann Kolbe (en) Aistrigh
Edward Frankland (en) Aistrigh
Georg Ludwig Carius (en) Aistrigh
Carl Gräbe (en) Aistrigh
Johann Friedrich Wilhelm Adolf von Bäyer
Q67146275 Aistrigh
Philipp Eduard Anton Lenard
Albert Ladenburg (en) Aistrigh
Adolf Lieben
Teangacha An Ghearmáinis
Mic léinn Fritz Haber
Jacques-Louis Soret
Dmitry Lachinov (en) Aistrigh
Rudolf Benedikt (en) Aistrigh
Ludwig Mond (en) Aistrigh
Walther Hempel (en) Aistrigh
Gairm
Gairm ceimiceoir, fisiceoir, cumadóir agus múinteoir ollscoile
Áit oibre Göttingen, Marburg (en) Aistrigh, Wrocław (en) Aistrigh agus Heidelberg
Fostóirí Ollscoil Wrocław
Ollscoil Marburg
Ollscoil Heidelberg
Ollscoil Göttingen
Duais
Ballraíocht Cumann Ríoga
German Academy of Sciences Leopoldina (en) Aistrigh
Royal Swedish Academy of Sciences (en) Aistrigh
Acadamh na nEolaíochtaí
Bavarian Academy of Sciences and Humanities (en) Aistrigh
Saint Petersburg Academy of Sciences (en) Aistrigh
Hungarian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Lincean Academy (en) Aistrigh
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Russian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Royal Prussian Academy of Sciences (en) Aistrigh
Accademia Nazionale delle Scienze detta dei XL (en) Aistrigh
Académie Nationale de Médecine (en) Aistrigh
Göttingen Academy of Sciences (en) Aistrigh
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Association for Natural History in the Duchy of Nassau (en) Aistrigh
Robert Bunsen - Signatur.jpg

I gcomhar le Gustav Kirchhoff, cheap Bunsen ionstraim chun speictrim a anailísiú (an chéad speictriméadar), D'imscrúdaigh sé speictrim astúcháin d'eilimintí teite, agus d'fhionn sé na dúile caeisiam (sa bhliain 1860) agus rubaidiam (sa bhliain 1861).

D'fhorbair Bunsen roinnt modhanna le haghaidh gáis a mhionscrúdú; bhí sé ina cheannródaí sa fhótaiceimic, agus rinne sé an luath-obair i réimse na ceimice orgán-arsanaice.

D'fhorbair Bunsen, in éineacht le Peter Desaga, an dóire Bunsen, mar bhí géar-ghá, ag an am sin, le hábhar maith teasa ar bhinse na saotharlainne ceimice.

Cheap Bunsen raon ionstraimí tábhachtacha eile[1]:

  • fótaiméadar an gheirspota,
  • an bataire galbhánach,
  • an t-oighear-chalraiméadar,
  • agus (i gcomhar le Remy Roscoe) an t -achtanaiméadar.

Tá an 'Dámhachtain Bunsen-Kirchhoff' le haghaidh na speictreascópachta anailíse (Gearmáinis: Bunsen-Kirchhoff-Preis für Analytische Spektroskopie) ainmnithe in onóir dóibh.


SaolCuir in Eagar

Nuair a d'fhostaigh Ollscoil Heidelberg Bunsen sa bhliain 1852, gheall na húdaráis saotharlann nua a thógáil dó . Bhí tús curtha díreach ag an am sin le soilsiú sráide gásghual a shuiteáil i Heidelberg, agus mar sin bhí soláthar gáis curtha isteach san fhoirgneamh saotharlainne nua chomh maith.

Fuair an tsaotharlann teas chomh maith le soilsiú ón ngás. I gcomhair téimh, bhí sé inmhianaithe an teocht a uasmhéadú agus an lonrachas a íoslaghdú. Go dtí sin, ní raibh an-éifeachtach sna lampaí saotharlainne maidir le simplíocht agus barainneacht, chomh maith le cáilíocht an lasair i gcomhair dóire lampa.

Nuair a bhí foirgneamh s'aige fós á dtógáil go déanach sa bhliain 1854, mhol Bunsen prionsabail dearaidh áirithe don mheicneoir ollscoile, Peter Desaga, agus mhol sé dó fhréamhshamhail a thógáil. (Bhí na prionsabail comhchosúla úsáidte níos luaithe ag Michael Faraday i ndearadh dóire, agus ag an ghás innealtóir R. W. ​​Elsner i ngléas a bhí paitinnithe sa bhliain 1856).

Bhí smaoineamh an dóire fhíorthábhachtaigh seo ag Robert Bunsen, ach ba é a chabhraitheoir teicniúil Peter Desaga a thóg is a thug chun foirfeachta é.

D'éirigh leis an dearadh Bunsen-Desaga lasair te, neamh-shúiche, neamh-lonrúil a ghiniúint, trí ghás le haer a mheascadh i mbealach rialaithe roimh dócháin. Chruthaigh Desaga scoiltíní i gcomhair an aeir ag bun an chéad dóire sorcóireach, an lasair a lasadh ag an mbarr.

Faoin am a d'osclaíodh an foirgneamh go luath sa bhliain 1855, bhí caoga dóirí déanta ag Desaga do mhic léinn Bhunsen. D'fhoilsigh Bunsen cur síos ar an ndóire dhá bhliain níos déanaí, agus ghlac go leor dá chomhghleacaithe go luath leis an dearadh.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim 2011