Speictream astúcháin
Tacar ar leith minicíochtaí radaíochta leictreamaighnéadaí, solas de ghnáth, a astaíonn nó a ionsúnn adaimh de chineál ar leith. Comhfhreagraíonn líne speictreach ar leith do thrasdul leictreoin idir dhá leibhéal fuinnimh ar leith. Faightear speictrim astaíochta nuair a chuirtear fuinneamh leis na hadaimh, mar shampla trí théamh nó díluchtú leictreach, a ardaíonn na hadaimh go dtí leibhéal fuinnimh níos airde. Astaíonn na leictreoin fhlosctha solas nuair a fhilleann siad don staid neamhfhlosctha. Táirgtear speictrim ionsúite nuair a chuirtear solas trí ábhar agus dealaíonn an t-ábhar tonnfhaid, sainiúil don ábhar, ón solas sin. Comhfhreagraíonn speictrim infridhearga do chreathanna is rothluithe móilíneacha. Comhfhreagraíonn speictrim X-ghathacha do thrasdulta go domhain in adaimh throma. Tugtar speictreascópacht ar staidéar ar speictrim, agus is teicníocht bhunúsach anailíse anois í sa cheimic is an fhisic. Ba chéim thábhachtach i bhforbairt na meicnice candamaí an taighde a rinne an fisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer (1825-1898) ar speictrim hidrigine.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Speictrim adamhacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |