Rockwell Kent

ealaíontóir Meiriceánach

Ba phéintéir, déantóir priontaí, maisitheoir, scríbhneoir, mairnéalach, eachtránaí agus taiscéalaí Meiriceánach é Rockwell Kent (21 Meitheamh, 1882 – 13 Márta, 1971). Bhí sé ar dhuine d'ealaíontóirí móra Mheiriceá lena linn. Bhí an-ghrá aige don uaigneas agus do chríocha an tsneachta. Chaith sé seal in Tierra del Fuego, in Alasca, sa Ghraonlainn, in Monhegon (Maine), agus i nGleann Cholm Cille. Scríobh sé tuairiscí ar a chuid taistil - Wilderness, N by E, Voyaging, agus Salamina. Chuir sé léaráidí agus líníocht le cuid de shaothair mhóra liteartha an Bhéarla, Shakespeare agus Chaucer, le Moby Dick le Herman Melville, sin agus le Faust le Goethe. Is sóisialach dílis a bhí ann ó thaobh na polaitíochta de, rud a thug air a dhul go Moscó áit a raibh an-mheas air tráth.

Infotaula de personaRockwell Kent

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Meitheamh 1882
Tarrytown, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Márta 1971
88 bliana d'aois
Plattsburgh, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Columbia
Columbia Graduate School of Architecture, Planning and Preservation (en) Aistrigh
Cheshire Academy (en) Aistrigh
Horace Mann School (en) Aistrigh
Parsons School of Design (en) Aistrigh
Shinnecock Hills summer school (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheTarrytown
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, maisitheoir, déantóir priontaí, scríbhneoir, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraEalaín tírdhreacha
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 575 Cuir in eagar ar Wikidata