James McNeill Whistler

ealaíontóir Meiriceánach

Péintéir agus eitseálaí Meiriceánach ab ea James Abbott McNeill Whistler (10 Iúil 1834 – 17 Iúil 1903). Rugadh i Lowell, Massachusetts, é ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar dhuine fásta i Sasana. Ní raibh áit ina chuid saothar ealaíne don mhaoithneachas ná le tagairtí morálta. Chleacht sé "ealaín ar son ealaíne", agus b'fhearr leis stíl dhíreach neamhornáideach. Tá sé sin le feiceáil ina shíniú, a bhí stílithe i bhfoirm fhéileacáin a raibh ga righin fada air in áit an eireabaill. Tá clú ar mhórshaothar leis, Arrangement in Gray and Black no. 1 (1871) nó, mar is fearr aithne air, Máthair Whistler. D'éag sé i Londain Shasana agus é 69 bliana d'aois.

James McNeill Whistler
Whistler Selbstporträt.jpg
Saol
Ainm iomlánJames Abbot McNeill Whistler
Eolas breitheLowell, 11 Iúil 1834
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
An Ríocht Aontaithe
BásChelsea agus Londain, 17 Iúil 1904
Áit adhlacthaChiswick Burial Ground (en) Aistrigh
Muintir
AthairGeorge Washington Whistler
MáthairAnna McNeill Whistler
Céile/CéilíBeatrice Whistler (en) Aistrigh
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materAcadamh Impiriúil na nEalaíon
Teangachaan Béarla
MúinteoiríMarc-Charles-Gabriel Gleyre
Mic léinnMay Wilson Preston
Gairm
Gairmpéintéir, eitseálaí, maisitheoir, scríbhneoir, liteagrafaí agus déantóir priontaí
Áit oibreAn Bheilg, Valparaíso, an tSile, Páras, Trouville-sur-Mer, An Veinéis, Amstardam, Dordrecht, An Háig, Vlissingen, Zaanstad, Londain agus Washington, D.C.
Saothar iomráiteachNocturne: Blue and Gold – Old Battersea Bridge (en) Aistrigh
Nocturne in Black and Gold – The Falling Rocket (en) Aistrigh
Whistler's Mother (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtBurlington Fine Arts Club (en) Aistrigh
Gluaiseachtsiombalachas
aeistéiteachas
Gluaiseacht ealaíneportráidiú
portráid
architectural painting (en) Aistrigh
history painting (en) Aistrigh
ealaín tírdhreacha
nocht
Péintéireacht radharc mara
Signature of James Abbott McNeill Whistler.png agus Butterfly LCCN2006685421.jpg

A óigeCuir in Eagar

Rugadh James Whistler i Lowell, Massachusetts, agus tógadh é i Lowell, Stonington, Connecticut, Springfeld, Massachusetts, agus ansin Cathair Pheadair, sa Rúis. Innealtóir iarnróid ab ea a athair. Fostaíodh an t-athair ar feadh tamaill chun iarnród a thógáil sa Rúis. Blianta ina dhiaidh sin, agus James fásta, thug sé an leabhar gurb i gCathair Pheadair a saolaíodh é. Dúirt sé go raibh cead aige áit a bhreithe a roghnú agus nárbh é Lowell a rogha.[1] D'fhreastail sé ar Acadamh Míleata na Stát Aontaithe ag West Point, Nua-Eabhrac.

 
Arrangement in Gray and Black no. 1
 
Symphony in White no 1 ("An Cailín Bán"), 1862

TagairtíCuir in Eagar

  1. Lisa N. Peters, James McNeill Whistler, Smithmark, Nua-Eabhrac, 1996, lch. 4, ISBN 0-7651-9961-0