Ruacan coiteann
Is breallach sáile inite é an ruacan coiteann[1] (Cerastoderma edule), moileasc mara débhlaoscach san fhine Cardiidae, na ruacain. Tugtar an gruán air freisin. Faightear é san fharraige amach ó chósta na hEorpa, ón Íoslainn sa tuaisceart, chomh fada ó dheas leis an tSeineagáil in iarthar na hAfraice. Fásann na sliogáin ubhchruthacha suas le 6cm ar trastomhas, agus bíonn siad bán, buí, nó donn. Saothraítear an ruacan coiteann ar bhonn tráchtála agus itear é go forleathan.
Cerastoderma edule | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Mollusca |
Aicme | Bivalvia |
Ord | Veneroida |
Fine | Cardiidae |
Géineas | Cerastoderma |
Speiceas | Cerastoderma edule Linnaeus, 1758 |
Bhí an ruacan coiteann ar cheann den iliomad speiceas inveirteabrach a ndearna Carl von Linné cur síos orthu sa 10ú heagrán de Systema Naturae (1758), inar tugadh an seanainm déthéarmach Cardium edule air.[2] Tagann ainm an speicis ón aidiacht Laidine ĕdūlis “inite”.[3] Thionscain an nádúraí Iodálach Giuseppe Saverio Poli an géineas Cerastoderma i 1795, agus roghnaigh sé an ruacan coiteann mar speiceas tíopúil, leis an ainm Cerastoderma edule.[4] Tagann ainm an ghéinis ó na focail Sean-Ghréigise keras “adharc” agus derma “craiceann”.[5] Le blianta fada baineadh úsáid as an dá ainm Laidine seo.[4]
Seo é sliocht as an gcur síos a rinne Séamus Mac an Iomaire ar an ruacan ina leabhar Cladaí Chonamara:
“ |
Is cosúil le dhá fhochupán a mbeadh a mbéal le chéile an déanamh atá ar an ruacan. Tá inse féithleach súpláilte ar a chúl le gur féidir leis an dá chomhla a oscailt óna chéile nuair a bhíos gá aige leis agus féith láidir eile ar an taobh istigh le hiad a dhúnadh agus a chur faoi ghlas má airíonn sé aon namhaid ag teacht... Ar na tránna in aice le díthrá rabharta a chónaíos siad, sa gcomharsanacht chéanna le sceana mara, cluaisíní, breallacha agus éisc shliogánacha eile. Taitníonn aimsir bhreá bhog nádúrtha gaoithe aniar nó aniar aneas leo. Le linn aimsir mar sin bíonn siad le fáil go fairsing. Éiríonn siad as an ngaineamh le teas na gréine agus le háilleacht an lae. Ach, ar an láimh eile, má bhíonn aimsir fhuar mhínádúrtha ann, fiú amháin san earrach féin nuair a bhíos a séasúr ann ní féidir mórán acu a fháil mar fanann siad sa mbaile faoin ngaineamh...[6] |
” |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Cerastoderma edule” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Linnaeus (1758). "Systema Naturae per Regna Tria Naturae, Secundum Classes, Ordines, Genera, Species, cum Characteribus, Differentiis, Synonymis, Locis" (in la) (10th revised ed.) I. Holmiae: (Laurentii Salvii).– tríd The Internet Archive
- ↑ Simpson (1979). "Cassell's Latin Dictionary" (5th ed.): 207. London: Cassell Ltd.. ISBN 0-304-52257-0.
- ↑ 4.0 4.1 Boyden (1971). "A note on the nomenclature of two European cockles". Zoological Journal of the Linnean Society 50 (3): 307–10. doi: .
- ↑ Chambers, Paul.
- ↑ Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |