Moileasc uisciúil is ea an débhlaoscach, colainn aige atá comhbhrúite go cliathánach, imchlúdaithe i mblaosc le dhá chomhla atá ceangailte le ballnasc ar feadh líne an inse. Dúntar na comhlaí le matán aduchtaithe nó dhó agus osclaítear iad le ballnasc leaisteach. Níl aon cheann sainithe. De ghnáth itheann sé páirteagail bheaga a bhailíonn sé le geolbhaigh mhóra atá cumhdaithe le ribí bídeacha (fabhráin). Os cionn 20,000 speiceas le stíleanna beatha éagsúla, ina measc débhlaoscach tochailte, tollta, snáfa go saor agus buncheangailte (suiteach). Go minic, cuimsíonn an timthriall beatha staid larbhach phlanctónach. Tábhacht mhór thrádálach le cuid mhaith speiceas: oisrí, breallaigh is diúilicíní, mar shampla.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDébhlaoscach
Bivalvia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamMollusca
AicmeBivalvia Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Débhlaoscach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 203.