Sa cheimic orgánach, téarma a chuireann síos ar hidreacarbón nach bhfuil aon nasc iolrach ann. Tagann an téarma ón gcaoi go mbíonn an t-uasmhéid hidrigine sna comhdhúile seo in aghaidh a dtoilleadh carbóin. Is hidreacarbóin sháithithe na halcáin, ach is neamhsháithithe na hailcéiní is na hailcíní. Úsáidtear an téarma maidir le tuaslagáin freisin: bíonn tuaslagán sáithithe nuair a bhíonn an t-uasmhéid den tuaslagáit ann, agus nuair a dhéantar iarracht tuilleadh tuaslagáite a mheascadh ann deascann sí go bun an tsoithigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sáithithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.