Córas nodaireacht cheoil a cheap John Curwen, bunaithe ar chóras Guido d'Arezzo, ina dtugtar ainm do gach airde (nóta): dó, ré, mí, fá, só, lá, tí. Baintear feidhm as comharthaí eile d'fhad gach nóta, gach sos, is gach gléasaistriú ochtaigh. Foghlaimítear an córas seo i ranganna amhránaíochta ar scoil le cairt scála nó modhnaitheoir.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sólfá tonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.