SECAM
Córas códaithe i gcomhair teilifíse daite, a saothraíodh sa bhFrainc sna 1960idí, a cuireadh i bhfeidhm in oirthear na hEorpa freisin. Gintear dhá chomhartha difríocht datha agus tarchuirtear iad ar línte ailtéarnacha. Bíonn moill-líne sa ghlacadóir chun gur féidir an dá chomhartha seo a chur le chéile arís roimh an íomhá a léiriú, ach le laghdú éigin sa ghéire datha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "SECAM". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |