Scandal mac Bécce

rí Éireannach

Rí Dhál Araí na gCruithne ba ea Scannal mac Bécce (Sean-Ghaeilge Scandal mac Bécce) (bás 646). Fiachra Caoch (died 608) ba ea a sheanathair, agus Fiachna mac Baotáin (bás 626), rí Ulad, a sheanuncail.[1][2][3]

Infotaula de personaScandal mac Bécce
Beathaisnéis
Bás646 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteDúnghal Eilne mac Scannail Cuir in eagar ar Wikidata

Sna 6ú agus 7ú haoiseanna, bhí Dál Araí páirteach i gcónaidhm na gCruithne, agus é ina phríomhchlann, lonnaithe faoin seachtú haois ar Mhagh Eilne idir an Banna agus an Buais.[4] Sinsear na clainne úd ba ea Scannal.[5]

Is casta í croineolaíocht ríthe Dhál Araí idir Cath Mag Roth sa bhliain 637 agus an phlá den bhliain 666. Ní fheictear Scannal ach an oiread sa Leabhar Laighneach agus Sioncronachtaí Laud. Tugtar dó ámh a an teideal rí na gCruithne inav thásc sna hannála.[6][7]

Bhí chríocha Éireannacha Dhál Riada faoi bhrú Dhál Araí ó Chath Mag Roth i leith, agus bhí Scannal rannpháirteach i ruathair orthu agus ar a chill ar Oirthear Maí.[8] Ní tuairiscítear sna hannála ámh conas a fuair sé bás, ach amháin gur goineadh é. Agus gach rud san áireamh, b'fhéidir é go raibh sé i réim ón mbliain 637 go dtí 646.

Caomhnaítear ginealach Scannail mhic Bécce i Leabhar na nGinealach mar a leanas:[9]

Oilill m. Cumascaigh m. Flannagáin m. Eochada. Breasail m. Flaithrí m. Fiachrach Cos-salaigh m. Dúnghalaigh m. Scannail m. Béice m. Fiachrach Crach, agus é Teallán m. Baodáin m. Eochadha.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXII
  3. Mac Niocaill, lch. 156
  4. Byrne, lch. 109
  5. Charles-Edwards, lch. 65
  6. Annála Uladh, AU 646.1
  7. Annála Tiarnaigh, AT 647.1
  8. Charles-Edwards, lch. 65
  9. Dubhaltach Mac Firbhisigh; Nollaig Ó Muraíle, eag. (2004). Leabhar na nGinealach. DeBurca Books, Baile Átha Cliath, Imleabhar 2, lch 403.