Scannán sábhála
Scannán fótagrafach leis an eibleacht ag clúdach bunscannáin de thrí-aicéatáit cheallalóis nó poileistear, nach ndónn ach go mall agus nach bhfuil inlasta ach ar éigin. Malairt ar níotráit cheallalóis, atá fíorbhaolach inlasta agus a bhí in úsáid roimh 1950.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scannán sábhála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 581.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |