Schachnovelle (Úrscéal Fichille)

Is é Scachnovelle (Úrscéal Fichille) an t-úrscéal deireanach agus b'fhéidir an ceann is aitheanta a scríobh Stefan Zweig sular chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1942.

WD Bosca Sonraí LeabharSchachnovelle

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarStefan Zweig Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Airgintín Cuir in eagar ar Wikidata, an Airgintín, 1942
1943 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1938 ↔ 1941
Tréith
Príomhábharisolation (en) Aistrigh, Gearmáin na Naitsithe, tráma síceolaíoch, ficheall agus Anschluss Cuir in eagar ar Wikidata
Seánranóibhille Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaAn tAigéan Atlantach
Vín Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síwater transport (en) Aistrigh agus chess master (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
greanadh adhmaid

An Scéal cuir in eagar

 
greanadh adhmaid

Ar long paisinéirí ag seoladh idir Nua-Eabhrac agus Buenos Aires éiríonn leis an bpríomhcharachtair, seaimpín fichille an domhain, atá mar phaisinéir ar an long, a mhealladh isteach i gcluiche fichille ar son airgid. Agus an cluiche ar siúl chuireann Dr B., teifeach ón Ostair, comhairle ar an mbuíonn fear atá ag imirt i gcoinne an tseaimpín agus de bharr a chabhair chríochnaíonn an cluiche cothrom. Bíonn an méid sin iontas ann go ndéanann an príomhcharachtair tréaniarracht an teifeach a mhealladh chun cluiche iomlán a imirt i gcoinne an tseaimpín. Agus é ag iarraidh chuir ina luí air gur cheart dó an dúshlán a thabhairt, insítear scéal an teifigh dúinn.

Is léir gur chuireadh faoi ghlas é in óstán ag na Naitsithe ar feadh achar fada gan aige ach leabhar faoi 150 cluiche fichille clúiteach, a ghoid sé ó saighdiúir Gearmánach lena aigne a choimeád aclaí. Tar éis tamaill bíonn gach uile cluiche ar eolas aige agus ansin agus é cráite ag an t-uaigneas éiríonn leis cluichí a imirt idir dubh agus bán ina intinn féin. Is gá dó a intinn a scoilt ina dhá leath chun an éacht seo a bhaint amach. Éiríonn leis ach faoi dheireadh chuireann an deighilt cumtha seo isteach air agus cuireadh faoi chúram in ospidéal é. Tá an síciatraí thar a bheith tuisceanach agus tar éis biseach a theacht ar an Ostarach, scaoileadh saor é. Tugadh foláireamh dó gan a bheith ag plé le fichille arís áfach. Dár ndóigh cuireann an príomhcharachtair ina luí air an cluiche a imirt.

In aghaidh thoil an teifigh, socraíonn siad cluiche eile a imirt chun deis díoltais a thabhairt don seaimpín. Is éard a thiteann amach ná go gcuireann an seaimpín isteach chomh mór sin ar an teifeach, d'aon turas, le himirt mall go chliseann sláinte intinne an Ostarach agus fágann sé an bord le gealltanas nach n-imreodh sé fichille arís go deo.

Míniú an Scéil cuir in eagar

Deirtear go seasann seaimpín fichille an domhain do Hitler, duine gan oiliúint gan samhlaíocht ach cumas de shaghas éigin aige agus go seasann an buíonn eile don fhreasúra le tallann agus oideachas ach gan an cumas acu cuir in aghaidh Hitler.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar