Michael Schumacher
Is tiománaí Gearmánach Fhoirmle a hAon é Michael Schumacher. Rugadh i Hürth-Hermühlheim (cóngarach do Köln sa Ghearmáin) é ar 3 Eanáir, 1969. De réir staitisticí, is é an tiománaí is fearr riamh sa spórt, le seacht gcraobh domhanda, an méid is mó bua sna rásaí, agus leis an méid is mó cúirteanna is tapúla chomh maith. Maraon leis sin, is é an tiománaí is saibhre sa spórt.
Cosúil leis an méid is mó de na tiománaithe Foirmle a hAon, thosaigh sé ag tiomáint cairtíní go hóg, agus é ceathair go leith. Tar éis cúpla bliain ag rás sna cairtíní bhog sé ar aghaidh go Foirmle Ford in 1988. Ghlac sé páirt i bhFoirmle 3 Germánach, i bhFoirmle 3000 Seapánach agus i gCraobh Turas Carranna Gearmánach sula bhog sé go Foirmle a hAon sa bhliain 1991.
An chéad rás a bhfuair sé ná i Grand Prix na Beilge le foireann Eddie Jordan, ach níor fhan sé ann ach ar feadh tamaill go dtí gur shínigh sé le Benetton. Bhuaigh sé an chraobh dhomhanda leo in 1994 agus arís i 1995, go dtí gur bhog sé arís, an uair seo go Ferrari do shéasúr 1996. Thóg sé ceithre bliain air éirí ar ais go dtí an barr arís, ach sa bhliain 2000, bhuaigh sé an chraobh dhomhanda don tríú uair. Bhuaigh sé cúig chraobh i ndiaidh a chéile ó 2000 go 2004, go dtí gur chuir Fernando Alonso agus a Renault stop leis sa bhliain 2005.
D'éirigh Schumachar as an spórt ag deireadh an tséasúir 2006 agus ceapadh é mar chomhairleor do Ferrari.
Sa bhliain 2009, d'fhógair Ferrari go raibh Schumacher chun páirt a ghlacadh arís sa spórt mar ionadaí don tiománaí gortaithe, Felipe Massa, ach i ndeireadh na dála níor rásaigh Schumacher mar gheall ar ghortú muiníl a fuair sé i dtaisme gluaisrothair.
D'fhill Schumacher go Foirmle a hAon sa bhliain 2010 mar thiomanaí d'fhoireann Mercedes GP.
Is síol faoi Foirmle a hAon é an t-alt seo Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |