Is feithicil mara a ardaítear ar adhartán aeir é Sciorrárthach. Molta ag Christopher Cockerell i 1950, ach níor tógadh an chéad cheann go dtí na 1960idí. Tiomáinte ag liáin a shuítear go hingearach agus ardaithe os cionn na farraige ar adhartán aeir a sháinnítear idir dromchla an uisce is cabhail na soithí ag sciorta solúbtha neoipréine. Thosaigh an chéad seirbhís rialta sciorrárthaigh i 1962 idir Y Rhyl is Wallasey ar inbhear abhainn Dyfrdwy sa Bhreatain. In úsáid ar fud an Domhain anois i bhfoirmeacha éagsúla.[1]

Bosca Sonraí SoitheachSciorrárthach
Saintréithe teicniúla
Cineálfeithicil Cuir in eagar ar Wikidata
Luas150 km/h Cuir in eagar ar Wikidata
A48
Hivus-10

Tagairtí Cuir in Eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sciorrárthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 584.