Séamus Ennis
Píobaire uilleann, amhránaí, portaire béil, craoltóir agus bailitheoir ceoil agus béaloidis ab ea Séamus Ennis (Séamus Mac Aonghusa, 1919 - 1982), a bhí inniúil ar chanúintí Gaeilge na hÉireann agus ar Ghàidhlig na hAlban.[1] Bhailigh sé neart béaloidis agus ceol traidisiúnta Gaelach. Tá a rian fós le cloisteáil ar cheoltóirí na linne seo.[2][3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Bealtaine 1919 Fionnghlas, Éire |
Bás | 5 Deireadh Fómhair 1982 63 bliana d'aois An Aill, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ceoleolaí, béaloideasóir, pearsa raidió, cartlannaí, amhránaí, tras-scríobhaí ceoil |
Tréimhse oibre | 1958 – |
Seánra | Ceol na hÉireann |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Uirlis | Píb mhála, píoba uilleann, ceol gutha agus feadóg stáin |
Lipéad ceoil | Tradition Records |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Óige
cuir in eagarSa mbliain 1908, cheannaigh athair Shéamuis, James, mála phíobaí uilleann scartha amach ó theach gill. Ceithre bliana ina dhiaidh sin fuair sé an dara háit san Oireachtas leis na píobaí céanna. Rugadh a mhac Séamus ar an 5ú Meitheamh, 1919 i Jamestown i bhFionn Ghlas, i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Chuaigh Séamus go gaelscoileanna Scoil Cholm Cille agus Coláiste Mhuire i gCearnóg Pharnell, agus b'é ansin a fuair sé a chuid Gaeilge. Nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois, thosaigh sé ag foghlaim na píobaí oná athair. Ba cheoltóir mór agus cáiliúil é ag a fiche ‘s a haon bliain d’aois. Ba ghnách le Séamus an seit ceannaithe ag a athair dhá chasadh go dtí lá a bháis.
Obair bhailigh
cuir in eagarNuair a bhí sé trí bliana fichead d’aois, thosaigh sé ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann. D'oibrigh sé le Coimisiún Béaloideas Éireann idir na blianta 1942 agus 1947. Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos.
Is éard a bhí i gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos. Chuir Ennis síos ar na blianta sin ina dhialann taistil[5] (bhí a dhialann curtha in eagar ag Ríonach Uí Ógáin sa leabhar Mise an Fear Ceoil (Cló Iar-Chonnachta, 2007).[6] Rinne sé tagairt ann do ghnéithe éagsúla den saol ag an am sin – traidisiún an cheoil, na daoine agus na pobail éagsúla ar thug Ennis cuairt orthu, an saol a bhí acu, agus an teanga.
Níos déanaí, dúirt Ennis amhráin gur fhoghlaim sé ag an am seo ar a chuid taifeadtaí; i dteannta leo chas sé na tiúineanna gur chuala sé ar a phíobaí. Tá tábhacht thar cuimse leis an obair a rinne sé agus tá a thionchar le brath go fóill sa traidisiún ceoil in Éirinn. Murach an obair bhailiúcháin a rinne Ennis is cinnte go mbeadh cuid mhaith de na hamhráin agus de na foinn atá le cloisteáil go fairsing anois caillte go deo.[6]
Bás
cuir in eagarBhí Ennis ina chónaí san Aill sna 1980idí. ‘Easter snow’ an t-ainm a bhaist sé ar an bpíosa talún a bhí aige féin agus a dheirfiúr Ursula os comhair na reilige mar a raibh péire carbhán, nó tithe soghluaiste, acu.[2]
Bhí Ennis buailte ag an ailse scornach. Cailleadh é ar an 5 Deireadh Fómhair 1982. Tá sé curtha san Aill.
Ceirníni
cuir in eagar- The Bonny Bunch of Roses (1959)
- Forty Years of Irish Piping (1974)
- The Pure Drop (1974)
- The Fox Chase (1974)
- The Best of Irish Piping (1974)
- Feidhlim Tonn Rí's Castle (1977)
- The Ace and Deuce of Piping
- The Wandering Minstrel (1977)
- The Return from Fingal (1997)
- Two Centuries of Celtic Music (2001)
- Séamus Ennis - Ceol, Scealta agus Amhráin (2006, nua-dhéanta as taifead ó 1961)
Bailiúcháin
cuir in eagar- Green Linnet 20th Anniversary Collection (1996)
- Alan Lomax Sampler (1997)
- Irish Pipe & Tin Whistle Songs
- Traditional Dance Music of Ireland (1997)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Shane Ó Curraighín (2019-09-25). "Saol agus saothar Shéamuis Ennis á gceiliúradh ar an gClochán" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 "ENNIS, Séamus (1919–1982)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
- ↑ "Ennis, Séamus | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
- ↑ "An Aill/Naul" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-05.
- ↑ Tá an dialann a choinnigh sé agus é ag obair leis an gCoimisiún anois i seilbh An Choláiste Ollscoile i mBÁC i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
- ↑ 6.0 6.1 Ríonach Uí Ógáin. "Mise an fear ceoil: Séamus Ennis-Dialann Taistil 1942–1946" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2022-05-05.