Seiceáil paireachta
(Athsheolta ó Seiceáil phaireachta)
Is éard atá i gceist le seiceáil paireachta[1] ná modh simplí chun earráidí a bhrath i sonraí digiteacha tarchurtha. I ngach beart bíonn giotán paireachta a shocraítear chun cur in iúl an uimhir chorr nó réidh d'aonta atá ann. Déantar an giotán seo a sheiceáil nuair a ghlactar é chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil sé comhsheasmhach. Ní bhraithfidh sé seo gach earráid. Mar shampla, braithfidh má bhíonn giotán amháin mícheart, ach ní bhraithfidh má bhíonn dhá cheann mícheart. Inniu úsáidtear córais níos casta iontaofa den chuid is mó, cosúil le cóid Hamming.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““seiceáil paireachta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seiceáil phaireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |