Seicheamh uimhríochtúil

Seicheamh ina mbíonn difríocht thairiseach idir gach aon téarma is an chéad téarma eile. Tugtar sraith uimhríochtúil ar shuim na dtéarmaí i seicheamh uimhríochtúil. Mar sin, is seicheamh uimhríochtúil 2, 5, 8, 11, 14, agus is í an tsraith uimhríochtúil chomhfhreagrach 2 + 5 + 8 + 11 + 14. Go ginearálta, más é a an chéad téarma i seicheamh uimhríochtúil agus d an chomhdifríocht idir na téarmaí leanúnacha, is é an seicheamh a, (a + d), (a + 2d) ... + (a + (n-1) d) ..., agus is í sraith na n téarmaí n [2 a + (n-1) d]/2.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Seicheamh uimhríochtúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.