Seile
Tál na bhfaireog seileach i bhfeithidí is veirteabraigh tíre. Sna veirteabraigh is tuaslagán soiléir salann is próitéiní í, go minic greamaitheach. Bíonn múicin inti, rud a ghreamaíonn bia le chéile is a bhealaíonn an scornach chun slogadh siar a éascú. Uaireanta, i ndaoine go háirithe, bíonn an einsím alfa-amaláis inti, a chabhraíonn le díleá stáirsí. Bíonn frith-théachtáin i láthair i seile feithidí fuilsúiteacha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 591.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |