Seipsis
(Athsheolta ó Seipticéime)
Láithreacht is méadú baictéar in imshruthú na fola is ea seipsis nó seipticéime (sepsis nó septicemia i mBéarla). Tugtar nimhiú na fola go coitianta uirthi chomh maith. Is é an chéad chéim ná Siondróm Freagairt Athlastach Shistéamach (SIRS i mBéarla nó Systemic Inflammatory Response Syndrome).
Cineál | general infection (en) agus galar sistéamach |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | remittent fever (en) , crithfhuacht agus intermittent fever (en) |
Cógais ceftriaxone (en) , mezlocillin (en) , nafcillin (en) , cefepime (en) , cefotetan (en) , oxacillin (en) , ticarcillin (en) , amikacin (en) , aztreonam (en) , imipen (en) , gentamicin (en) , cefotaxime (en) , ceftizoxime (en) , ertapenem (en) , piperacillin (en) , drotrecogin alfa (en) , ceftazidime (en) agus cefoxitin (en) | |
Aicmiú | |
ICD-10 | R65.20 agus R65.21 |
ICD-9 | 995.92 |
CIAP | A78 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 11960 |
MedlinePlus | 000666 |
Patient UK | sepsis-septicaemia-pro |
MeSH | D018805 |
UMLS CUI | C0036690 |
Is féidir go dtarlóidh sí mar chuid d'ionfhabhtú ginearálta cosúil le tíofóideach, nó mar aimhréidh ionfhabhtaithe áitiúil cosúil le niúmóine nó ostaemiailíteas de bharr raon baictéar difriúil.
Bíonn duine atá thíos léi an-tinn le fiabhras mór, agus muna bhfaightear cóireáil chuí, téann an riocht in olcas trí thurraing sheipteach go dtí an bás féin.[1]
Íospartaigh
cuir in eagarFéach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seipticéime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 591.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |