Seoirse de Brún
Ba shaighdiúir tuarastail é an tÉireannach Seoirse de Brún (George Browne, nó Georg Reichsgraf von Browne as Gearmáinis, Yuri Yurievich Broun nó Юрий Юрьевич Броун as Rúisis) a d’fhreastail faoin Impire Peadar III agus an Bhan-Impire Caitríona II.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Meitheamh 1698 (Iúlach) Luimneach |
Bás | 18 Feabhra 1792 93 bliana d'aois Ríge |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Gnóthaí míleata agus ealaín an chogaidh |
Gairm | saighdiúir, marascal, oifigeach míleata, gobharnóir |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
Teangacha | Béarla, an Rúisis agus an Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Impireacht na Rúise |
Brainse míleata | Cos-slua |
Céim mhíleata | marascal machaire |
Teaghlach | |
Céile | Eleonora Christina von Browne Helena von Browne |
Páiste | Johann Georg von Browne-Camus ( Eleonora Christina von Browne) Johann Georg Gf. von Browne ( Helena von Browne) Eleonora Christina Gf. von Browne ( Eleonora Christina von Browne) Elisabeth Marg. Wilhelmine Gfn. von Browne ( Eleonora Christina von Browne) |
Athair | George Browne agus Honora Lacy |
Gradam a fuarthas |
Saol
cuir in eagarRugadh i gCathair Luimnigh é ar an 15 Meitheamh 1698 do chlann uasal Normannach. Ach ós gur Caitliceach é, b’éigean dó imeacht thar lear chun freastal mar shaighdiúir.
Shroich sé an Rúis, áit a raibh Peadar de Lása, Luimníoch eile, ina cheannaire ar an arm. Phós de Brún Eibhlín, iníon an Lásaigh.
Nuair a tharla ceannairc i gcoinne an Bhan-Impire Áine, chabhraigh de Brún chun í a choimeád i gcumhacht agus ardaíodh go rang an choirnéil é.
Bhain sé an-cháil amach le linn "Chogadh na Seacht mBliana". Ba ghinearál é nuair a ghortaíodh é ag Cath Zorndorf.
Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé tríocha bliana mar Ghobharnóir na hEastóine agus na Livóine. D’éag sé i Ríge in aois 94 bliain ar an 18 Meán Fómhair 1792.