Ba cheannaire Arm Impriúlach na Rúise é an tÉireannach Peadar de Lása (Peter Lacy as Béarla, Pyotr Petrovich LacyПётр Петрович Ласси as Rúisis, Peter von Lacy as Gearmáinis, Petro Petroviç Lassi as Tuircis, Piotr Lacy as Polainnis, Pēteris Lasī as Laitvis) (26 Meán Fómhair 1678- 30 Aibreán 1751) a bhuaigh an-chuid cathanna stairiúla san 18ú haois.

Infotaula de personaPeadar de Lása

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meán Fómhair 1678
Cill Íde Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1751
72 bliana d'aois
Ríge Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm Shasana
Céim mhíleatageneral field marshal (en) Aistrigh (1736 (Iúlach)–) Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arLivonia Governorate (en) Aistrigh
CoinbhleachtCogadh an Dá Rí, Cogadh na Naoi mBliana, Great Turkish War (en) Aistrigh, Great Northern War (en) Aistrigh, Cath Narva, Cath Hummelshof, Léigear Tartu, Cath Grodno, siège de Bykhov (1707) (fr) Aistrigh, Cath Poltava, Léigear Ríge (1709—1710), Rysshärjningarna (en) Aistrigh, Prut campaign (en) Aistrigh, Courland Crisis (en) Aistrigh, War of the Polish Succession (en) Aistrigh, Léigear Danzig, campagne du Rhin (1735) (fr) Aistrigh, Fifth Russo-Turkish War (en) Aistrigh, Siege of Azov (en) Aistrigh agus Russo-Swedish War of 1741-1743 (en) Aistrigh
Teaghlach
CéileMarta Filippina von Funcken Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFranz Moritz von Lacy, Helena von Browne, Katharina Maria Eleonora Countess von Lacy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Óige in Éirinn

cuir in eagar

Rugadh mar Piaras Éamonn de Lása i gCill Íde in iarthar Chontae Luimnigh é do chlann Normannach a chuir fúthu san áit sa 12ú haois. Uaisle Caitliceach ab ea a mhuintir agus throideadar ar son airm an Rí Shéamuis II le linn an Chogaidh Liamach agus cé nach raibh sé ach 13 bliana d’aois ag an am, throid An Lásach mar leifteanant i bhfórsaí na hÉireann faoi cheannas Phádraig Sairséil le linn Léigear Luimnigh.

San Fhrainc agus san Ostair

cuir in eagar

Tar éis Chonradh Luimnigh sa bhliain 1691, theith sé lena athair agus a dheartháir go dtí an Fhrainc i dteannta leis na Géanna Fiáine. Nuair a chailleadh a ghaolta ag troid le Briogáid na hÉireann ar son Rí Lua XIV na Fraince san Iodáil, d’aistrigh sé go Arm na hOstaire. Chaith sé dhá bhliain ann sular lean sé a cheannfort Charles Eugène de Croy isteach in arm nua na Rúise a bhí á eagrú ag an am ag an Impire Peadar Mór.

 

Faoi Pheadar Mór

cuir in eagar

Bhí sé i gceannas ar aonad mhuscadóiri i gcath tubaisteach Narva agus gortaíodh go dona é le linn Chogadh Mór an Tuaiscirt i gcoinne na Sualannaigh. Mar sin féin, ardaíodh go rang an choirnéil é sa bhliain 1706 agus, sa bhliain dár gcionn, d’aithnigh ceannaireacht impriúlacht an airm a éachtaí le linn Cath Pholtava.

Ba An Lásach an chéad saighdiúir Rúiseach a tháinig iseach I Ríge i ndiaidh an léigir agus, ina dhiaidh sin, ghabh sé seilbh ar dhún straitéiseach na Súlainnigh in Umeå sa bhliain 1719. Sa bhliain 1723, ceapadh mar cheannaire fórsaí na Rúise insna críocha Baltacha agus ba Ghobhairneoir Ríge é trí bhliain ina dhiaidh sin.

Faoi Bhan-Impire Áine

cuir in eagar

Tháinig sé ar ais san arm i gcomhair Cogadh Leanúnacht na Polainne agus b’é An Lásach a dhíbir Stanisław Leszczyński ó Bhársá go Gdańsk. I ndiaidh Léigear Gdańsk sa bhliain 1734, mháirseáil sé siar lena thrúpaí go dtí an Réan.

Shroich sé barr a réim mar cheannaire mhíleata linn an chogaidh i gcoinne na dTurcach. Ghabh sé Azov sa bhliain 1736 agus an Chrímé tar éis dhá chath sa bhliain sin agus ceann eile i 1738.

D’fhill sé ar Ghobhairneoracht Riga ina dhiaidh sin ach, ós rud é ná raibh suim riamh aige sa pholaitíocht, chaill sé a phost agus a thionchar i ndiaidh bháis Áine.

Faoi Bhan-Impire Éilís

cuir in eagar

Glaodh arís ar an Lásach nuair a thosaigh cogadh eile i gcoinne na Sualannaigh agus ceapadh mar ceannfort an Airm Impriúlachta é. Chuir an arm le chéile go rí-thapaidh agus, tar éis na Sualannaigh a ghlanadh amach as an bhFionlainn go léir de bharr cathanna Vilmanstrand, Frederikshamn, Porvoo agus Hämeenlinna agus léigear Helsinki, ghéilleadar dó sa bhliain 1742.

Bás agus oidhreacht

D’fhill An Lásach arís ar Riga, agus ar Ghobhairneoracht Riga agus tuaisceart Laitvia. D'éag sé ann ar an 30 Aibreán 1751 (fiabhras is cosúil, 71 bliain d'aois).[1]

Ba cheann de cheannairí is cáiliúla in Arm na hOstaire sa dara leath den 18ú haois mac An Lásaigh, Prionnsias de Lása (Franz Moritz von Lacy as Gearmáinis). Cliamhain dó ab ea Seoirse de Brún, Luimníoch eile a d'fhreastail mar cheannaire eile Airm Impriúla na Rúise, a phós a iníon Eibhlín.

  1. George B. Clark (2010). "Irish Soldiers in Europe, 17th-19th Century" (as en). Mercier Press Ltd.