Seomra ina mbíonn gach dromchla líneáilte le struchtúir is ábhair a ionsúnn fuaim is nach bhfrithchaitheann an fhuaimthonn. Tugtar seomra marbh air freisin. Aon fhuaim a ghintear sa seomra seo, ní fhaightear aon mhacalla uaithi. Áisiúil chun turgnaimh fhuaimiúla a dhéanamh a gcuirfeadh fuaimeanna frithchaite isteach ar na torthaí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Seomra neamh-mhacallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 594.