Shakira
Amhránaí agus cumadóir amhrán Colómach is ea Shakira Isabel Mebarak Ripoll, (2 Feabhra, 1977 a rugadh í). Canann sí as Spáinnis agus as Béarla. Ba breitheamh í ar The Voice.
BreithCuir in Eagar
Rugadh Shakira ar an 2 Feabhra 1977 i mBarranquilla na Colóime. Is iad Nidya del Carmen Ripoll Torrado agus William Mebarak Chadid a tuismitheoirí.
AinmCuir in Eagar
In Araibis, ciallaíonn Shakira "buíoch". Foirm bhaininscneach den ainm Shakir atá ann. Baisteadh an t-ainm Isabel uirthi in ómós do mháthair a hathar. Is sloinne Catalónach é Ripoll.
CeolCuir in Eagar
Chuidigh feidmeannach de chuid Sony Colombia (Ciro Vargas) léi conradh a fháil. Seoladh an chéad albam uaithi Magia (draíocht) sa bhliain 1991. Níor éirigh go maith leis an albam seo, agus nior éirigh go maith leis an dara halbam, Peligro, ach oiread. Rinneadh aisteoir teilifíse di ansin. D'fhill sí ar an gceol sa bhliain 1995 leis an albam Pies Descalzos agus ba é an t-albam sin a thuill cáil di. Tá breis is 50 milliún albam diolta aici anois.
AisteoireachtCuir in Eagar
Bhí ról Luisa Maria aici sa telenovela El Oasis sa bhliain 1995. Bhi sí páirteach in eipeasóid de chuid Ugly Betty, "The Bahamas Triangle", i mí na Samhna 2009. Sa bhliain 2010 bhí sí páirteach in eipeasóid de chuid Wizards of Waverly Place.
DioscliostaCuir in Eagar
- Pies Descalzos (1995)
- Dónde Están los Ladrones? (1998)
- Laundry Service (2001)
- Fijación Oral Vol. 1 (2005)
- Oral Fixation Vol. 2 (2005)
- She Wolf (2009)
- Sale el Sol (2010)
- Shakira (2014)
- El Dorado (2017)
CamchuairteannaCuir in Eagar
- Tour Pies Descalzos (1996–1997)
- Tour Anfibio (2000)
- Tour of the Mongoose (2002–2003)
- Oral Fixation Tour (2006–2007)
- The Sun Comes Out World Tour (2010–2011)
- El Dorado World Tour (2018)
ScannánliostaCuir in Eagar
Bliain | Teideal | Ról | Nótaí |
---|---|---|---|
1996 | El oasis | Luisa Maria | |
2001–09 | Saturday Night Live | Í féin | "Gerard Butler/Shakira" (35.4) "Alec Baldwin/Shakira" (31.8) "Derek Jeter/Shakira/Bubba Sparxxx" (27.7) |
2002 | Taina | Í féin | "Abuelo Knows Best" (2.8) |
2009 | Ugly Betty | Í féin | "The Bahamas Triangle" (4.8) |
2010 | Wizards of Waverly Place | Í féin | "Dude Looks Like Shakira" (3.12) |
2013-2014 | The Voice | Í féin | Sraith 4, 6 |
2014 | Dreamland | Í féin | Sraith 1, eipeasóid 3 |
2016 | Zootopia | Gazelle |
Gradaim agus ainmniúcháinCuir in Eagar
Tá 255 gradam buaite ag Shakira. Tá 584 ainmniúchán faighte aici.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |