Is grúpa eitneach Eorpach iad na Sintígh. Is í an tSintis a bpríomhtheanga. Is pobal Románach iad a chónaíonn i lár na hEorpa sa chuid is mó cé go bhfuil pobail díobh ann in áiteanna eile, go mór mhór tuaisceart na hIodáile, deisceart na Fraince (manouches a thugtar orthu ansin) agus sa Bhrasaíl. Lucht siúil a bhíodh iontu ach bíonn cónaí buan orthu de ghnáth anois.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSintígh

Cineálgrúpa eitneach
Teangaan tSintis

Stair cuir in eagar

Dála na Romanach téanann sinsireacht na Sintígh siar go dtí an India. Bhain siad an Ghearmáin agus an Ostair amach am éigin sna Meánaoiseanna déanacha.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda rinne na Naitsithe géarleanúint orthu. Bhí orthu triantán donn a chaitheamh ar a gcuid éadaí le cur in iúl do chách cérbh iad agus mar chomhartha gur strainséirí gan áit oiriúnach dóibh sna tíortha úd. Sa Ghearmáin agus san Ostair, díbríodh a lán de na Sintígh thar tír amach go hOirthear na hEorpa, go dtí an Iúgslaiv go háirithe. Fuair líon mór díobh bás sna campaí san Uileloscadh.