Snáithínghloine
(Athsheolta ó Snáthghloine)
Is éard is snáithínghloine ann ábhar ilchodach a úsáidtear chun struchtúir éadroma, go minic cuartha go coimpléascach, a dhéanamh. Déantar as snáithíní gloine leabaithe i roisín poileistir nó eapocsach é, agus múnlaítear é roimh théachtadh dó. Is plaisteach treisithe le snáithíní gloine é. Baintear feidhm as i struchtúir cosúil le cabhlacha bád, umair i gcomhair leachtanna, agus uaireanta cabhlacha gluaisteán.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Snáthghloine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 611.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |