Athrú snáithíní ina snáithe. Dhéantaí dhá shaghas snáithe go traidisiúnta: i snáithí olla bíonn na snáithíní cóirithe go randamach, ach i snáithe mustairte bíonn na snáithíní go léir cóirithe i dtreo fhad an tsnáithe. Sa 18ú céad bhí an próiseas seo ar na próisis a meicníodh den chéad uair, ag úsáid an chadáis ar dtús. Tá modhanna nua, cosúil le sníomh frithchuimilte is sníomh rótair, an-tábhachtach anois is iad an-difriúil ar fad ó na modhanna luatha láimhe leis an gcoigeal, agus níos déanaí ón 11ú céad sa tSín leis an tuirne.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Sníomh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 611.