Sochtadh imdhíonachta
Cosc ar fhreagairt imdhíonach na colainne i gcoinne ábhair chomhthíoch. Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ghalair a chuireann isteach ar an gcóras imdhíonach, cosúil le leoicéime nó SEIF, nó galair ainsealacha eile, cosúil le diaibéiteas. Is féidir é a spreagadh d'aon ghnó le drugaí nó radaíocht chun cosc a chur ar dhiúltú ionphlandála, nó mar fho-iarsma ar chóireáil ar ghalar éigin, cosúil le hailse. Cuid mhaith drugaí imdhíonachoiscthe ann, ina measc drugaí ailcilithe atá marfach do chealla atá ag deighilt, frithmheitibilítí a laghdaíonn cumas na gceall sa chóras imdhíonach antasubstaintí a dhéanamh, agus cortacaistéaróidigh. Déanann imdhíonachosc duine so-ghonta d'ionfhabhtuithe go ginearálta, ach do mhiocrorgánaigh nach gcuireann tús de ghnáth le galair i ndaoine normálta, ionfhabhtuithe deistapaíocha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sochtadh imdhíonachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 611.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |