Sorcha Ní Ghuairim
Amhránaí agus scoláire léinn Éireannach ab ea Sorcha Ní Ghuairim (10 Deireadh Fómhair 1911 – 15 Nollaig 1976). Ba mar amhránaí ba mhó a bhain Sorcha Ní Ghuairim ainm amach.[1] Bhain Sorcha clú agus cáil amach lena fonn breá cinn, ach is ar son chur chun cinn na Gaeilge is mó a thug sí dua.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Deireadh Fómhair 1911 Roisín na Mainiach, Éire |
Bás | 1976 64/65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, colúnaí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Siblín | Máire Ní Ghuairim |
Saol
cuir in eagarRugadh í ar an 10 Deireadh Fómhair 1911 i Roisín na Mainiach, Carna, Contae na Gaillimhe, Éire. D’éirigh sí aníos i gceantar a raibh cáil na fonnadóireachta air agus ní hiontas, dá réir, go raibh na hamhráin ón gcliabhán aici féin.
Chuaigh sí ag Scoil an Chlochair ar an mbaile sin, áit a n‑iarrtaí uirthi amhráin a chasadh ar ócáidí speisialta nó ar chuairt cigire.[1]
Baile Átha Cliath
cuir in eagarAr chríochnú a cúrsa léinn di i 1932, thug Sorcha a haghaidh ar Bhaile Átha Cliath, áit a raibh post faighte ag a deirfiúr Máire di ag múineadh leis an gCoiste Gairmoideachais.
Ceapadh Sorcha mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1941, áit ar fhan sí go 1955. I 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A. jure officii.[3]
Bhí sí ina colúnaí do Scéala Éireann faoin ainm cleite "An Coisín Siúlach" agus ceapadh mar eagarthóir Gaeilge í. Scríobhadh sí leathanach na bpáistí faoin ainm "Niamh Chinn Óir". Bhí 'Sgéal Taimín Mhic Luiche' i measc na scéalta seo.
Amhránaíocht
cuir in eagarIs mar amhránaí sean-nóis is mó a d’fhan cuimhne uirthi.[5]
Thaifead cartlannaí Choimisiún Béaloideasa Éireann, Seán Ó Súilleabháin, ó Shorcha i 1940, taifead atá anois le cloisteáil ar an dlúthdhiosca (CEF182), a léirigh Ríonach Uí Ógáin agus a d’fhoilsigh Gael Linn agus Comhairle Bhéaloideas Éireann a bhliain 2002.[1]
Is í a chur an chéad cheirnín sean-nóis amach a taifeadadh i Meiriceá i 1945. I Nua-Eabharc agus í ar cuairt ag a deartháir i 1945, thaifid sí amhráin i stiúideo agus d’eisigh an comhlacht Folkways ar cheirnín i 1957 iad. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht mar chaiséad i 1990 é faoin teideal "An Chéad Dólás" (CIC008).[1] Tá sé amhrán ar an gceirnín seo - "Brighid Ní Ghaoradh", "Máire Ní Mhaoil Eoin", "hÓbha-Inn", "D-tigeas ó Deabhasa", "Seacht nDólás na Maighdine" agus "An Draighneán Donn" - i dteannta scéal ón mbéaloideas, "An Ceannaidhe Fíreannach agus an Ceannaidhe Breagach". D'ath-eisigh Cló-Iar Chonnachta an t-albam seo i riocht caiséid.
Bás agus tionchar
cuir in eagarD’fhág sí Éire tamall sa bhliain 1955 agus bheadh cónaí uirthi feasta i Londain agus obair a bhí go maith faoi bhun a cumais mar shlí bheatha aici. Meastar gurbh é meath na Gaeltachta agus athruithe mar an cló rómhánach agus an caighdeán oifigiúil a d’fhág gan mhisneach í.[5] Deirtear go raibh foclóir de chora cainte curtha i dtoll a chéile aici agus gur cailleadh é thall.
D'éag sí ar 15 Nollaig 1976, ... b'fhéidir, agus in aois 65 di. Bhí sí marbh ina hárasán ar Shráid Monck,[6] i Westminster Londain le tamall sular fritheadh an corp go gairid roimh Nollaig 1976.[5]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Sorcha Ní Ghuairim Sings Traditional Irish Songs ar láithreán Smithsonian Folkways
- Rinne TG4 mórscannán faisnéise déanta ina taobh (‘Ar Lorg Shorcha’ (2007) le Bríona Nic Dhiarmada).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "Sorcha an t‑Amhránaí | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
- ↑ "Sorcha an Múinteoir | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
- ↑ Ó Glaisne, R. 1992. . Baile Átha Cliath: Preas Choláiste na Tríonóide.
- ↑ "Oireachtas na Gaeilge | Coisín Shiúlach". www.xn--sorchanghuairim-bpb.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 "NÍ GHUAIRIM, Sorcha (1911–1976)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-16.
- ↑ Google Maps. "Monck St" (en). Monck St. Dáta rochtana: 2021-04-16.