Spásaimsir
Is éard atá i gceist leis an spásaimsir nó le haimsir an spáis ná na hathruithe i gcoinníollacha an spáis in aice leis an Domhan, is é sin, idir atmaisféar na Gréine agus atmaisféar an Domhain.
Ní hionann é agus aimsir sa chiall chúng, is é sin, athruithe na coinníollacha in atmaisféar pláinéadach an Domhain (an trópaisféar agus an strataisféar). Is ionann an spásaimsir agus na hathruithe sa phlasma, sna réimsí maighnéadacha, sa radaíocht agus i saintréithe eile an spáis a thimpeallaíonn an Domhan.
An chuid is mó de na hathruithe sa spásaimsir, is é is cúis leo ná an fuinneamh a iompraíonn an ghrianghaoth ó réigiúin an spáis in aice leis an nGrian agus ó atmaisféar na Gréine, is é sin, an crómaisféar agus ón gcoróin. Cé go samhlaítear coincheap na spásaimsire leis an spás in aice leis an Domhan,
is féidir tagairt a dhéanamh d'aimsir an spáis idirphláinéadaigh agus an spáis idir-réaltaigh féin. Níor tháinig coincheap na spásaimsire in úsáid ach sna nóchaidí. Roimhe sin, ghlactaí leis na feiniméin a dtugtar spásaimsir orthu inniu mar chuid den fhisic, den aeranomaíocht nó den spástaiscéalaíocht.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |